Bhean a Ti

Ó éirigí suas a thogha na bhfear,
Is cuirigí píce ‘r bharr gach cleith.
Is leagaigí síos iad lucht an droch-chroí
Agus cuirigí dlí na Frainc' ar bun.
Agus ó bhean a' tí, cén bhuairt sin ort?
Is ó bhean a' tí fá dhó nó trí
Beidh talamh gan chíos ón bhliain seo amach againn,
Is ó bhean a' tí, nach suairc é sin?

Tá jug ar an mbord is tá beoir ag teacht,
Tá arm go leor ag an Duke of York.
Tá ‘n Francach ‘s an Spáinneach ar bhruach na trá,
Agus b'fhearr liom go mór é ná comhrá ban,
Agus ó bhean a' tí, cén bhuairt sin ort?
Is ó bhean a' tí fá dhó nó trí
Beidh talamh gan chíos ón bhliain seo amach againn,
Is ó bhean a' tí, nach suairc é sin?

Ó shuigh mise síos ‘s mo mhian le m'ais,
Ag ól mo cháirt dí mar dhéanfadh fear;
Sé dúirt bean a' tí den chomhrá mhín,
Gan airgead síos bí ‘gabháil amach,
Agus ó bhean a' tí, cén bhuairt sin ort?
Is ó bhean a' tí fá dhó nó trí
Beidh talamh gan chíos ón bhliain seo amach againn,
Is ó bhean a' tí, nach suairc é sin?

Losowe piosenki:
Rock and Roll Queen
Something
Scratch Introlude
Found Found Found
Vengeance is Mine
Too Stoopid
Camelot
Libertine
All I Need
The Mary Ellen Carter